Bád Easna Docht Inséidte Déanta in Éirinn
An Rud a Dhéanann Muid
Dearadh agus Déanamh Bád Easna
Dearann agus déanann muid báid easnacha dochta inséidte 4M, 4.5M, 5M, 5.5M, 6M, 6.5M, 7M agus 7.5M.
Úsáideann an próiseas déantúsaíochta Insileadh Folúis de Roisín Múnlála Aistrithe Éadrom (“RTM Éadrom”) a úsáidtear go minic i bhforbairt táirgí muirí ardcháilíochta, comhpháirteanna Aeromotive, tuirbíní gaoithe agus compháirteanna mótorfheithiclí. Is muidinne an chéad chomhlacht in Éirinn a úsáideann an teicneolaíocht úrnua d’Insileadh Folúis le bádaí inséidte dochta a dhéanamh. Taispeánann an pictiúir ar thaobh na láimhe deise ár mbád inséidte docht féin, an AC650.
Tá an múnlá don Bhád Easna seo agus an próiseas aistrithe a húsáideadh lena chur le chéile iontach buan agus frithsheasmhach do go leor coinníollacha stálaithe.
Deisiú ar Bhád Easna Inséidte Dochta
Chomh maith leis sin, cuireann muid bail agus athchóiriú ar bhádaí inséidte dochta ar a n-áirítear bail ar fheadáin, athchóiriú ar innill agus athchóiriú ar chabhlacha.
Tuilleadh eolais fá athchóiriú
Cad iad na buntáistí atá ag Bád Inséidte Docht?
Le fiche bliain anuas, tháinig móréileamh in Éirinn ar Bhádaí Inséidte Dochta. Chruthaigh na bádaí seo a gcumas seasamh in aghaidh farraigí na hÉireann trí iad a shuíomh mar na bádaí is sábháilte inseolta de bharr á struchtúr éadrom, á n-ardchumas agus án-ardfheidhmiú. Tá na Bádaí Inséidte Dochta deartha le cabhail láidir agus feadáin solúbtha ar feadh an gunail.
Cén fáth go gceanná Bád Easna Inséidte Docht?
Ligeann an coiléar inséidte agus na hábhair buanfasacha den Bhád Easna Inséidte fanacht ar barr uisce fiú i bhfarraigí doimhne agus i gcúinsí bochta aimsire. Mar fhorbairt ar an bhád inséidte, ofrálann na Bádaí Inséidte Dochta so-ionramháilteacht ardluais agus níl siad chomh soghonta do thuairt luas íseal.
De ghnáth, baintear úsáid astu mar iompróirí paisinéirí macasamhail seirbhísí tarrthála, gardaí, de chuid an airm, patróil báid, gardaí tarrthála, tumadóirí agus cuspóirí scíthe éagsúla cosúil le crúsáil.
Barántas Trí (3) Bliana
Ofrálann muid barántas trí bliana ar gach bád inséidte docht a dhéanann muid le suaimhneas intinne a thabhairt duit trí bheith eolasach go ndéanann muid ár ndícheall chun bádaí inséidte docht den chéad scoth a chur ar fáil dár gcustaiméirí go léir.
Déan Teagmháil Linn Inniu
Chun tuilleadh eolais a fháil fá dhearadh do bhád inséidte docht saincheaptha féin, nó toiseacht ar an phróiseas, déan teagmháil linn inniu ag an uimhir 087 2209632.